Cuairt AAG ar The Ferryman sa Gaiety

Is nós le hAerachAiteachGaelach turas amharclainne a eagrú uair sa mbliain ar a laghad chun na baill a chur ag smaoineamh ar théamaí éagsúla, chun iad a chur ag plé fheabhas an dráma a mbreathnaímid air agus a chun iad a spreagadh le dul i mbun scríbhneoireachta iad féin.

Chuaigh grúpa 11 againn chuig an Gaiety i mí Feabhra le breathnú ar The Ferryman le Jez Butterworth. Dráma é atá suite in Ard Mhacha aimsir na dTrioblóidí agus teaghlach mór amháin faoin spotsholas. Bhí cliar cumasach sa léiriú agus nach muidne a bhí sásta Bríd Ní Neachtain a fheiceáil ar an stáitse, agus léargas á chur ar fáil ag a carachtar ar thraidisiún na scéalaíochta agus na hamhránaíochta in Éirinn.

Bíonn fáilte roimh bhaill uile AAG teacht linn ar na turais amharclainne seo. Is féidir ballraíocht bliana a fháil ar €10. Tá AAG buíoch den Gaiety as an lascaine ar na ticéid.

Previous
Previous

Péint agus Plé le AAG

Next
Next

Damhsa Seit 2025