Damhsa Seit 2025
Tá tús curtha arís againn lenár ranganna damhsa seit leis an múinteoir cumasach Patricia Ní Bhroin. Tá fáilte roimh an bpobal go léir ag na ranganna seo, idir aiteach agus dhíreach.
Tá muid an-bhuíoch d’Fhoras na Gaeilge as tacú leis na ranganna seo tríd an halla acu a chur ar fáil dúinn.
Is sa halla sin ar Shráid Amiens a bheas muid feasta, an dara Máirt de gach mí (18:30-20:00).
Is féidir ticéid a cheannacht le haghaidh na ranganna amach anseo agus imeachtaí eile de chuid an chomharghrúpa ar shuíomh Eventbrite AerachAiteachGaelach.