AAG ag glacadh páirt i bhfeachtas ‘Cruthaigh’

Tá AerachAiteachGaelach an-sásta páirt a ghlacadh sa bhfeachtas ‘Cruthaigh’ agus a bhfuil foghlamtha againn mar eagraíocht le cúig bliana anuas a roinnt leis an bpobal. Tá ‘Cruthaigh’ á reáchtáil ag ceithre chomhairle áitiúla Bhaile Átha Cliath le chéile.

Beidh muid ag glacadh páirt ann le cabhrú le Gaeilge365 daoine eile i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna ar fud na tíre a spreagadh chun dul i mbun gnímh agus tionscadail nuálacha úrnua a chur ar bun a bhfuil an Ghaeilge ina gcroílár.

Chruthaigh muidne comharghrúpa bríomhar ealaíon le haghaidh daoine LADTA+. Cad a chruthóidh tusa?

Previous
Previous

Damhsa Seit 2025

Next
Next

€500 bailithe le haghaidh Médecins sans Frontières ag damhsa seit na Nollag