Bhí teach lán i Músaem Litríochta na hÉireann an 2 Nollaig agus muid ag déanamh ceiliúradh ar shaothar na bliana ag Oíche Scéalaíochta AerachAiteachGaelach.
Chuir fear an tí, Eoin Mc Evoy, buaicphointí na bliana i láthair don slua ag tús na hoíche sular éist an slua le hamhráin, dánta agus scéalta ó chuid d’ealaíontóirí bríomhara aiteacha na Gaeilge:
Muireann Ní Cheannabháin
Julie Goo
Stiofán Ó Briain
Líadan Ní Chearbhaill
Ciara Ní É
Aoife Ní Mhórdha
Devin B. Slaney
Karen Ní Dhomhnalláin
Darragh Ó Caoimh
Mar chuid den oíche, sheol Conall Ó Duibhir An Gairdín, an chéad eagrán d'irisín AerachAiteachGaelach agus léiríodh an gearrscannán Fan le Cúnla ní Bhraonáin Morris.
Buíochas ó chroí le Foras na Gaeilge a thacaigh leis an oíche trí Scéim na Litríochta 2024.
Póstaer: Líadan Ní Chearbhaill.