Seisiún Scríbhneoireachta le hAifric Mac Aodha

Beidh an file iomráiteach Aifric Mac Aodha linn le haghaidh seisiún scríbhneoireachta na míosa seo le haiseolas a thabhairt dúinn!

Más mian leat a bheith páirteach sa cheardlann seo, seol gearrscéal, dánta, sliocht as úrscéal nó sliocht próis (5-10 lch) nó splancscéal chugainn ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com i bhfoirm Word, roimh an 3 Meán Fómhair 2024.

Is file dátheangach í Aifric Mac Aodha. Foilsíodh an chéad chnuasach léi, Gabháil Syrinx (An Sagart), in 2010. Tá seal caite aici ag múineadh sa Rúis, i Meiriceá, i gCeanada agus i mBaile Átha Cliath agus bhí sí ina heagarthóir ar Comhar agus ina heagarthóir Gaeilge ar irisí éagsúla liteartha, The Stinging Fly, Poetry Ireland Review agus gorse ina measc. Bhuaigh sí duais an Oireachtais don fhilíocht in 2017 agus bhí sí ina scríbhneoir cónaithe le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2023. Foilsíodh an cnuasach is déanaí léi, Foreign News (Gallery Press), in 2017.

Seisiún míosúil is ea é seo a bheidh ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí. Beidh aoi-áisitheoirí chugainn i gcuid de na seisiúin. Sna seisiúin seo, tiocfaidh scríbhneoirí Gaeilge le chéile le dul i mbun pinn ar a gcuid tionscadal féin nó i dtionscadail chomhpháirteacha le scríbhneoirí eile.

Is faoi choimirce AerachAiteachGaelach atá an tsraith seo seisiún á reachtáil. Beidh tús áite ag baill AAG ach tá fáilte roimh aon scríbhneoir le Gaeilge agus ní gá go mbeadh duine LADTAIÉ+ le bheith linn.

Tá Foras na Gaeilge ag tacú leis an tsraith seo trí Scéim na Litríochta, rud a fhágann gur féidir linn na ticéid a chur ar fáil saor in aisce. Ina dhiaidh sin féin, más maith leat tacú le gníomhaíochtaí eile de chuid an ghrúpa, chuirfimis an-fháilte roimh shíntiúis. Úsáidfear an t-airgead sin chun ceardlanna, drámaí agus imeachtaí a reáchtáil don phobal.

Is é Stiofán Ó Briain Comhordaitheoir Ceardlann AerachAiteachGaelach.

Previous
Previous

Oíche Scéalaíochta i MoLI

Next
Next

Ceardlann Damhsa le Sibéal Davitt