Ceardlann Damhsa le Sibéal Davitt
Sibéal Davitt agus criú na ceardlainne
Ceardlann ilghnéitheach idirghníomhach a bheidh ann leis an rinceoir iomráiteach Sibéal Davitt. Is taibheoir agus múinteoir damhsa í Sibéal. Tá cúlra aici sa damhsa comhaimseartha, sa damhsa clasaiceach agus sa damhsa ar an sean nós. Bhuaigh sí comórtas ‘Glas Vegas’ ar TG4 in 2009 agus bhain sí MA i dTaibhiú an Damhsa Chomhaimseartha amach in Ollscoil Luimnigh in 2014. Léiríodh seó léi, Minseach, den chéad uair mar chuid d’Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath in 2021 agus arís in 2023 agus moladh go mór é.
Sa cheardlann seo, léireoidh Sibéal dúinn conas an damhsa ar an sean nós agus an damhsa comhaimseartha a dhéanamh. Is deis iontach í seo chun céimeanna a fhoghlaim agus an chruthaitheacht a chleachtadh trí mheán na gluaiseachta. Déanfar cleachtadh ar an rince seite/an rince céilí mar chuid den cheardlann freisin.
Beidh spásanna teoranta ann, mar sin de, cinntigh do spás go luath más spéis leat páirt a ghlacadh sa cheardlann.
Comharghrúpa spleodrach ealaíon is ea AerachAiteachGaelach agus breis agus 110 ealaíontóir aiteach ann, idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, thaibheoirí draig agus ealaíontóirí físe agus fuaime. Chuir na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an grúpa ar bun ag tús 2020 in Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath agus is iadan bheirt chéanna atá ag comhstiúradh an ghrúpa faoi láthair.
Is é Stiofán Ó Briain Comhordaitheoir Ceardlann AAG.