An chéad champa samhraidh Gaeltachta le haghaidh daoine LADTA+

Tháinig Ruairí Ó Donnabháin ó Mheitheal Chléire, NJ Ní Mhéalóid agus Eoin Mc Evoy ó AerachAiteachGaelach le chéile i ndiaidh Bhród Chléire 2023 chun an chéad champa samhraidh Gaeltachta riamh a dearadh go sonrach le haghaidh daoine LADTAIÉ+ a phleanáil 12-18 Lúnasa 2024.

Tháinig 18 scoláire ó Éirinn, ón Iodáil agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá go Cléire i gCorcaigh chun an Ghaeilge a chleachtadh agus spraoi a bhaint as na gníomhaíochtaí cruthaitheacha ar an gclár.

Ba iad NJ Ní Mhéalóid príomhoide an chúrsa, ba iad Eoin Mc Evoy agus Darragh Ó Caoimh ó AerachAiteachGaelach na múinteoirí ar an gcampa agus bhí Conall Ó Duibhir, Pádraig Ó Cuinneagáin agus Seirce Mhac Conghail ó AerachAiteachGaelach ina n-áisitheoirí ar na ceardlanna cruthaitheacha. Seachtain dhodhearmadta i suíomh álainn.

Imeachtaí

Ióga trí Ghaeilge, ranganna Gaeilge, péinteáil tírdhreacha faoin aer, céilí, kayakadóireacht, potaireacht, taispeáint ar an déanamh coinnle, caint faoin Lavender Project ar an oileán, tráth na gceist, snámh sa bhfarraige, damhsa seite, seisiún ceoil sa gclub, turas báid agus DJ ar bord, Caint ar aistriú an úrscéil ghrafaigh Heartstopper, seoladh An Gairdín irisín AerachAiteachGaelach, léiriú an scannáin Normáilte, léiriú an dráma Grindr, Saghdar agus Cher, Sing Along Social.

Previous
Previous

Ceardlann Damhsa le Sibéal Davitt

Next
Next

Bál Aiteach 2024