Bál Aiteach 2022
Ba é Bál Aiteach 2022 an t-imeacht ba spraíúla a bhí againn do Bhród go dtí seo i mBaile Átha Cliath.
Chuir muid tús leis an lá le beárbaiciú i ngairdín beorach Chlub Chonradh na Gaeilge - a bhuíochas sin ar Erin Mac an tSaoir agus Mícheál Ó Nualláin ó Bhaile Átha Cliath le Gaeilge - le go bhféadfadh daoine aithne a chur ar a chéile. Labhair ionadaithe ó ghrúpaí pobail éagsúla linn le linn dúinn bheith ag ithe le muid a chur ar an eolas faoina bhfuil ar siúl do dhaoine aiteacha trí Ghaeilge. Labhair Rút Ní Theimhneáin linn faoin Queercal Comhrá, labhair James Wilson linn faoi na Gaeil Aeracha, labhair Mícheál Ó Nualláin linn faoi na Gaeil Óga, labhair Seán Ó Dubhchon linn faoi Bhród na Gaeltachta (18-23 Iúil), labhair Erin Mac an tSaoir linn faoi Bhaile Átha Cliath le Gaeilge agus labhair Eoin Mc Evoy linn faoin gcomharghrúpa ealaíne AerachAiteachGaelach.
Thug Kevin Johnston síos staighre muid ansin le tús a chur leis an mbiongó ceoil - gnáthbhiongó ach le hamhráin iontacha in ionad uimhreacha leamha! Bronnadh duaiseanna ar sheisear agus roghnóidh siad a gcuid duaiseanna ó Eolaire Údarás na Gaeltachta. Bhí meascán d'amhráin Ghaeilge agus amhráin cháiliúla aiteacha roghnaithe ag Kevin dúinn agus bhain muid an-chraic as an dá uair an chloig leis roimh an mBál mór. Go raibh míle maith agat a Kevin! Bhronn Kevin a tháille don imeacht ar Bhród na Gaeltachta.
Ansin tharla an Bál ceart…!
Tá muid an-bhuíoch den Chiste Spreagtha agus de Bhaile Átha Cliath le Gaeilge as an maoiniú don imeacht agus an tacaíocht go léir agus d'fhoireann agus de Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge as fáilte a chur romhainn i gcónaí san ionad is Gaelaí sa gcathair!
Reáchtáladh an t-imeacht seo mar chuid de Dublin Pride.