Grindr, Saghdar ⁊ Cher ag an Oireachtas agus IMRAM
Glacann fear tuaithe anáil dhomhain agus tógann sé a chéad chéim thar an tairseach isteach i mbeár aerach na cathrach. Fulaingíonn leispiach trí imeacht ‘Build-a-Willy’ ag cóisir cearc seancharad sula mbuaileann siad ar fad isteach ar gay safari sa chlub. Tugann scene queen bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile...
Trí mhonalóg. Triúr carachtar LADTA+. Trí scéal a thiteann amach ar aon oíche amháin.
Léireofar an dráma úrnua aiteach seo le Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh in Amharclann Smock Alley an 17 Samhain 2022 mar chuid den fhéile liteartha IMRAM.
Tá ticéid le fáil ach cliceáil ar an gcnaipe:
Rinneadh an chéad léamh den dráma úrnua Grindr, Saghdar ⁊ Cher ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, an 5 Samhain 2022. Ba iad Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus an t-aisteoir Seán Ó Baoill a chuir an dráma i láthair an tslua, slua a líon Amharclann an Oireachtais in Óstán Brehon agus a d’éirigh ina sheasamh le bualadh bos a thabhairt don chomharghrúpa ag deireadh an léirithe.
Forbraíodh an dráma Grindr, Saghdar ⁊ Cher le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge.