Seó grinn: Cluiche Snatch 2021

Bhí ríméad ar an gcomharghrúpa ealaíne AerachAiteachGaelach agus an grúpa sóisialta an Queercal Comhrá an chéad Chluiche Snatch riamh i nGaeilge a chraoladh do Bhród 2021 le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge. Is seó spraíúil grinn é seo atá bunaithe ar an Snatch Game ón gclár teilifíse RuPaul’s Drag Race, cluiche ina ngléasann na rannpháirtithe mar charachtair cháiliúla agus ina bhfreagraíonn siad ceisteanna éadroma seafóideacha líon-an-bhearna. Léiritheoir: Kevin Johnston.

Na hIomaitheoirí

Ba iad na hiomaitheoirí craiceáilte cumasacha a bhí linn don imeacht:

  • Dean Farrell mar Chaitríona Pháidín ón úrscéal Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain

  • Eoin P. Ó Murchú mar Fhionn ‘Finnzer’ Mac Cumhaill

  • Jade Pepper mar Cruella de Vil

  • Kitty Ní Houlihán mar Nadine Coyle

  • Rút Ní Theimhneáin mar Kim Kardashian

Bronnadh duais €300 ar an mbuaiteoir ach beidh oraibh breathnú siar ar an bhfíseán le fáil amach cé a bhain!

Lucht eagair

Léiritheoir agus Moltóir: Kevin Johnston (AAG, an Queercal Comhrá)

Láithreoir: Hugh Mac Giolla Chearra (Aoi)

Moltóir: Hilary Bowen-Walsh (AAG, an Queercal Comhrá)

Eagarthóir: Eoin Mc Evoy (AAG, an Queercal Comhrá)

Comhairle: Ciara Ní É (AAG)

Ceisteanna: Seán Grennan (An Queercal Comhrá)

Craoladh an Cluiche Snatch ag 13:00 an 26 Meitheamh mar chuid de Bhród 2021 trí chuntas YouTube AerachAiteachGaelach. Gabhaimid buíochas ó chroí le hurraitheoirí an imeachta, Foras na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge, a thacaigh go fial flaithiúil leis an imeacht.


Gifeanna

Gifeanna ón gCluiche Snatch ar fáil ar giphy.com/channel/QueercalComhra

Gifeanna ón gCluiche Snatch ar fáil ar giphy.com/channel/QueercalComhra


Léirmheas

Léirmheas ar an gCluiche Snatch le hAntoin Beag Ó Colla ar Tús Áite.

Léirmheas ar an gCluiche Snatch le hAntoin Beag Ó Colla ar Tús Áite.

Previous
Previous

Feachtas tiomsaithe airgid do léiriú úrnua san fhómhar

Next
Next

Ceolchoirm AAG