*Grindr, Saghdar ⁊ Cher* i gConamara

Léirigh Fíbín ag an Taibhdhearc an dráma Grindr, Saghdar agus Cher ar stáitse Sheanscoil Sailearna i gConamara an 17-18 Iúil 2023.

Ba é Stephen D’Arcy a stiúir an dráma agus a d’oibrigh leis an gcliar, Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh ó AerachAiteachGaelach, chun snas breise a chur ar an dráma a léiríodh roimhe sin ag Oireachtas na Gaeilge, IMRAM agus an International Dublin Gay Theatre Festival.

Ciara Ní É, Sam Ó Fearraigh agus Eoin Mc Evoy i Seanscoil Sailearna

Cuireadh ceol nuachumtha le HK Ní Shiordáin leis an dráma agus ba í Blú Hanley a dhear na soilse don seó seo a léiríodh mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe 2023.

Faigh blaiseadh de na cleachtaí ar an suíomh Molscéal: https://molsceal.ie/siamsaiocht/alt/?CID=6331875443112

Previous
Previous

*Grindr, Saghdar agus Cher* ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe

Next
Next

Ceardlann Aisteoireachta AAG le Seán Ó Baoill in Amharclann an Gheata